Monday, March 12, 2007

Nuacht 12 - 03 - 07

Seachtain na Gaeilge
Is í Seachtain na Gaeilge an fhéile Ghaeilge agus chultúrtha is mó a bhíonn ar siúl in Éirinn gach bliain agus beidh sé ar siúl i mbliana go dtí an 17ú Márta. Beidh na céadta míle duine ag glacadh páirte in imeachtaí - céilithe, ceolchoirmeacha agus tráthanna na gceist boird san áireamh - a bheidh á n-eagrú ag suas le 250 grúpa i mí Mhárta. Beidh na himeachtaí seo á n-eagrú i ngach contae in Éirinn, chomh maith le Ceanada, na Stáit Aontaithe, an Bhrasaíl, Sasana, agus an Ghearmáin. Glacfaidh na céadta scoil agus club óige páirt san fhéile chomh maith trí imeachtaí éagsúla a chur ar siúl. Táimid fhéin ag déanamh iarracht páirt bheag a ghlacadh sa seachtain seo ar son an chlub le cúpla líne de na nótaí a chur as Gaeilge. B'fhéidir go mbeidh sibh féin in ann cúpla focail Gaeilge a úsáid i rith an tseachtain. Na Barrs Abú!

Dinnéar an Chlub
Bhí Dinnéar-Damhsa an chlub againn san Ostán Shannon Quay de Satharn seo chaite. Oíche den chéad scoth a bhí ann is bronnadh gradaim speisialta ar foireann an chlub ó 1957 a bhuaigh Craobh Cheannais Sinsear Liatroma. Fuair Mícheál Ó Duigeanáin an duais do imreoir na mbliana sinsear, Niall Mac Gabhann an duais i idirmheánach agus Risteard Ó Buacháin an rud chéanna don foireann sóisear. Bhuaigh Sarah Ní Dufaigh an duais do imreoir bliana na mban. Gach bhliain bíonn duais speisialta againn do Fear an Chlub agus fuair Tomás Ó Lorcáin an duais sin i mbliana. Ár mbuíochas do Mícheál Mac Gabhann agus a choiste don obair go léir a rinne siad chun an oíche iontach seo a chuir le chéile. Do Niall Ó Flionn freisin, bainisteoir nua san Ostán, agus a foireann a chuir dinnéar den chéad scoth le chéile agus don bhanna cheoil “Gobsmacked”. Rinne Tomás Ó Moráin ó Bhéal an Átha Mhóir job iontach greannmhar lena smaointe ar an bhliain 1957 agus bhí Mícheál Ó Fearaíl tharr barr mar an “Bhan Gharda” ag deireadh an oíche. Comhghairdeas daoibh uile.

Roinn a Cúig
D’imir ár bhfoireann Sóisir B in aghaidh Aislinne ar an Satharn seo caite. Bhí tús maith againn agus tar éis obair deas ó Seán Mac Raghnaill agus Brian Ó Raghallaigh, fuair Seán “Barnes” Ó Seanlaíoch chúl thábhactach dúinn sa chéád leath is chuamar go dtí leath ama cúig pointe chun chinn. Sa dara leath, tháinig Aislinne ar ais, is fuair Liam Ó hUigín cúl dóibh chun trí pointe a chuir idir na foirne le cúig nóiméad fágtha ach fuaireamar ár dara chúl ó Seán Mac Eoin is críochnaigh an chluiche 2-11 go dtí 1-7 do na Barrs. Foireann: Gearóid Mac Oireachtaigh, Seán Ó Riain, Risteard Ó Buacháin, Criostóir Ó Buacháin, Seán Mac Conbhuí, Seán Mac Raghnaill, Breandán Ó Duigeannáin, Peadar O Mealláin, Seán Ó Buacháin (0-1), Seán Mac Eoin (1-4), Pól O hAicéad, Feargal Mac Íomhar, Seán “Barnes” Ó Seanlaíoch (1-3), Briain Ó Raghallaigh (0-1) agus Olibhéar Ó Mheacáin. Fir Ionaid: Mervyn Mac Íomhar (0-2) agus Daibhéad Ó Maolagáin.

Scór Sinsear
Ghlac Barr na Chúille páirt in oíche leath cheannais Scór Sinsear i halla an pharóiste an Aoine seo Chaite. Ghlacamar páirt i ngach chomórtas is beimid ag dul go dtí an chomórtas cheannais i Cluainín Uí Ruairc i gceann coicís sa Rince Foirne, Aithriseoireacht, Bailéad Grúpa, Tráth na gCeist, Ceoil Uirlise, Nuachleas agus Rince Seit.

B’iad na daoine seo a leanas a ghlacadh pháirt ar son Barr na Cuille de hAoine: Rince Fóirne (Figure Dancing) – Niamh Ní Raghnaill, Sarah Ní hAicéid, Therese Ní Seanlaíoch, Orlaith Nic Aonghusa, Emma Mofféid, Edel Bean Uí Mealláin, Edel Ní Seanlaíoch agus Jillian Ní Duigeannáin; Ámhránaíocht Aonair: Philomena Ní Maolagáin, Aithriseoireacht: Louise Nic an Mhíle, Tráth na gCeist: Aodhán O Dochartaigh, Feargal Mac a Ghoill agus Liam O Coinín, Ceol Uirlise (Instrumental Music) – Deirdre Bn Uí Maolagáin, Sharon Bn Uí Sheoin agus Feargal Mac a Ghoill sa mBalléad Grúpa – Seán Mac Raghnaill, Martina Bn Uí hAicéid, Deirdre Bn Uí Maolagáin, Sharon Bn Uí Sheoin agus Orlaith Ní Buacháin, i Nuachleas (Novelty Act) Deaglán Ó Conbhuí, Brian agus Caomhín Ó Mealláin, Máire Bn Uí Mealláin (Snr) agus Aine Máire Bn Uí Bhaoill agus sa Rince Seit: Martina Bn Uí hAicéid, Máire Bn Uí Mealláin, Lorraine Bn Uí Raghnaill, Philomena Ní Maolagáin, Seán “Barnes” Ó Seanlaíoch, Seán Mac Raghnaill, Peadar Ó Mealláin agus Seoirse Mac Raghnaill.

Gealltanas Pósta
Ár fíor comhghairdeas do iar pheileadóir Barr na Cúille Leo O Néill (Cloncarne) agus a chailín Hanna Sar a tabhairt lámh is focail dá chéile an seachtain seo chaite. An phlean atá acu ná a bheith pósadh i Lúnasa 2008.

Sraith Fé-16
Beimid ag imirt in aghaidh Eanach Dubh sa Sraith fé-16 in Eanach Dubh an Domhnach seo chugainn, Márta 18.

No comments: