Tuesday, March 11, 2008

Nuact 11 - 03 - 08

Seachtain na Gaeilge
Is í Seachtain na Gaeilge an fhéile Ghaeilge agus chultúrtha is mó a bhíonn ar siúl in Éirinn gach bliain agus beidh sé ar siúl i mbliana go dtí an 17ú Márta. Beidh na céadta míle duine ag glacadh páirte in imeachtaí - céilithe, ceolchoirmeacha agus tráthanna na gceist boird san áireamh - a bheidh á n-eagrú i mí Mhárta. Beidh na himeachtaí seo á n-eagrú i ngach contae in Éirinn, chomh maith le Ceanada, na Stáit Aontaithe, an Bhrasaíl, Sasana, agus an Ghearmáin. Glacfaidh na céadta scoil agus club óige páirt san fhéile chomh maith trí imeachtaí éagsúla a chur ar siúl. Táimid fhéin ag déanamh iarracht páirt bheag a ghlacadh sa seachtain seo ar son an chlub le cúpla líne de na nótaí a chur as Gaeilge. B'fhéidir go mbeidh sibh féin in ann cúpla focail Gaeilge a úsáid i rith an tseachtain. Na Barrs Abú!

Scor
Glacaimid páirt in oíche cheannais Scór an chontae i gCluainín Uí Ruairc (Manorhamilton) ar an Satharn seo chaite. Do bhí Louise Nic an Mhíle (Staunton) sa chomórtais Aithriseoireacht (Recitation) agus abar sí píosa álainn dar teideal “A Mother’s Prayer”. Bhí an bua aicí ar an oíche is beidh sí anois ag glacadh páirt ar son Co Liatroma i gCúige Connacht ar an 29ú lá de Márta. In éineacht léi, beidh ár bhfoireann Tráth na gCeist le Aodhán Ó Dochartaigh, Liam Ó Coinín agus Feargal Mac Giolla a bhuaigh chraobh an chontae de Satharn freisin. Go n-eirí go geal libh go léir i Chonnacht.

Foireann Sinsir
Ár mbuíochas do Mainistir na Búille (Boyle) a thug cluiche cairdiúil dúinn de Satharn i Dromad – an chéad cluiche den bhliain do na lads agus ár bhainisteoir nua Nollaig Mac an Chrosáin. Tosnaíonn an chomórtas Shield ag an deireadh seachtain le chluiche in aghaidh Carraig Álainn de Satharn i gCarraig Álainn

Tráth na gCeist Seachtain na Gaeilge
Ár chomhghairdeas do Aodhán O Dochartaigh, Liam Ó Coinín, Marie Threse Ní Dhocartaigh agus Deaglán O Buachán atá ar a slí go pPáirc an Chrócaigh ar Lá Fhéile Phádraig don chomórtas cheannais na hÉireann sa Tráth na gCeist Seachtain na Gaeilge. Ghlac siad páirt i chomórtas cheannais Chonnachta i gClár Chlainne Mhuiris ag an deireadh seachtain is cé go raibh an bua ag Clár Chlainne Mhuiris ar an oíche, fuair Barr na Cúille a thicéid freisin don chomórtas cheannais tar éis teacht abhaile sa dara háit. Ádh mór ar an gceathrar i bPáirc an Chrócaigh de Luain.

Roinn a Chúig
D’imir ár bhfoireann Sóisir B in aghaidh Gort Leittreach de Domhnaigh. Fuair Gearóid Mac Oireachtaigh cúl dúinn ó cic pionóis sa chéad leath agus sa deireadh bhí bua eisce againne 1-13 to 0-2. Foireann Barr na Cúille ar an lá: Oilibhéar Ó Meáchain, Seán Ó Riain, Briain Ó Raghallaigh, Criostóir Ó Buacháin, Seán Mac Conbhuí, Damian Mac Gabhann, Breandán Ó Duigeannáin, Feargal Mac Íomhar (0-8), Peadar O Mealláin, Daibhéad Ó Maolagáin, Caoimhín Ó Mealláin (0-1), Mervyn Mac Íomhar (0-1), Sean Ó Seanlaoich (0-1), Gearóid Mac Oireachtaigh (1-0) agus Alan Ó Cruacháin (0-1). Fir Ionad: Sean Ó Buacháin, Roibeard Ó Moráin, Damian Ó Moráin, Risteard Ó Buacháin agus Tomás O Broin.

Peil Fé 16
Ní raibh cluiche ag na lads an seachtain seo chaite (chuireadh ar ceall é), ach tosnóimíd leis ár chéad chluiche in aghaidh Gort Leittreach ar an Satharn seo chugainn ag 12 a chlog i nGort Leittreach.

Sraith Mionúir Eadar Chondae
Beidh Liatroim ag imirt in aghaidh Ros Comáin i mBarr na Cúille ar an Satharn seo chugainn ag a cúig a chlog sa sraith mionúir eadar chondae.

No comments: